maandag 27 oktober 2008

Leeds Nó Amsterdam le Pearse Hutchinson

Leeds nó Amsterdam


I do phóca , ag stánadh amach,


feadóg stáin. Ollóinneach súgach


fiosrach amháin. Ansin go h-obann


chuir tú preab sa gceol


The Boys of Blue Hill agus Planxty Drury


cuireadh deireadh leis an juke-box


is bhí an teach go léir ag damhsa linn,


bhí lucht an óil seolta agat


fé lán cheol agat:


níor bhlaiseadar riamh, ina dTír-fó-Thuinn,


a leithéid de ghrá.





Amsterdamhsa go deo, a chroí,


dit orgel heeft in Kaapstad gespeeld.





Sa Regent i Leeds má bhí Sasanach uaigneach


amháin ann, b'in an méid. Ní riach deoch ba throime


ná liomonáid bhuí ag Cathal ach bhí Planxty


Johnson go deo aige, bhí Liam Óg ann


agus Sligomen in town agus bunadh cheoil nach iad


agus lucht óil nach iad, an ceol á slogadh siar againn:


arsa mise le Francie i dteach an asail


"Here we are" agus thóg se na focail as mo bhéal


"in the heart of England" -


"in the heart of Ireland" arsa mise dhá cheartú


Dhá mhí-cheartú, mo léan géar -


"It looks as if" arsa Vladimir Ilyitch, tráth,


"we'll have to go underground again". Agus tá


an chuma sin air anois, a chroí:


ach nach muidne atá cleachtaithe


ar an gcleas úd, ar an gceol úd?


Seans nach mbeidh ceol na mbriathar fagtha againn,


seans nach mbeidh fágtha againn go luath


ach feadóg stáin.



Leeds or Amsterdam

Sticking out from your pocket, a

tin-qhistle. Just one inquisitive

Dutchman. Then suddenly you

set the music jumping: The Boys

of Blue Hill and Planxty Drury:

that put a stop to the juke-box,

the whole pub was dancing with us,

you'd launched the drinkers into

full sail of music: they'd never

in their Lowlands tasted

such love before.

Amsterdancing for ever, friend:

dit orgel heeft in Kaapstad gespeeld.

In the Regent in Leeds there was

just one lonely Englishman; bar us.

Lemonade was the strongest Cathal

would drink but he had Planxty

Johnson for ever, Liam Og was

there and Sligo-men in town and

others making music besides them

and others drinking and all of us

gulping down the music: I said

to Francie in the jax

"Here we are" and he took the

words out of my mouth

"in the heart of England",

"in the heart of Ireland" said I

correcting him -

miscorrecting him:

"It looks as if", said Vladimir Ilyithch once

"we'll have to go underground again".

And that's the way it looks now, dear heart:

but aren't we a people well-trained

to that trick, to that music?

We may come to lose the music of

our words, we may lose everything soon -

except a tin-whistle or two.

"Mo lá breithe a bhí ann, i dteach óil i Leeds a bhí0s. Cé bheadh romam ann ach Cathal McConnell, fear fliúite agus amhránaí as Co. Fhear Manach. Thug sé cuireadh dom mo rogha ceoil a rá leis, is ní raibh fzile lá breith chomh breá agam riamh roimhe.


Tráth eile dom i dtír iasachta ar mhothaig mé blas agus spiorad cheol na nGael, ba in amsterdam é. Tháin ig an dá ócaid le chéile i m'aigne: chuadar i gcuing go dlúth leis an náire, an eagla angus us samhnas a mhothaig cuid againn le linn don Rialtas muintir na "Poblachta" a sheolad mar a bheadh muca thruaige ann chun aonach na hEorpa (nó thar an aill anuas). An mheatacht úd ar aon dul leis an meatacht oifigiúil i leith na Gaeilge (Dún Chaoin!). Cheapas (agus ceapaim) go bhfuil dúnmharú na Gaeilge á bheartú. Má tá an t-ádh leis na Básairí, cad is fiú dúinn an Ceol fágtha? "the Irish language is the greatest music of all" dúirt Willie Clancy, mo bheannacht bhocht leis."

as Rogha an Fhile
á eagairt ag Eoghan O Tuairisc,
foilsithe le Goldsmith
agus gabhtha dúinn mí na Nollag 1974 ag Gabriel & Eithne.